9.20
Cé gur ceannlitir an túslitir in ainmneacha teangacha, náisiúntachtaí,
laethanta, míonna agus féilte, ní gá iad a bheith ina n-ainmfhocail chinnte, ach
is féidir a gcinntiú ar cheann ar bith de na dóigheanna atá luaite thuas:
- tháinig Nollaig eile (éiginnte)
- an Nollaig ba mheasa den iomlán (cinnte)
- tá Gaeilge mhaith aige (éiginnte)
- Gaeilge Chois Fharraige (cinnte)
- Spáinneach ba ea é (éiginnte)
- an chéad Spáinneach a bhuail riamh liom (cinnte).