An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.21

Nuair is d'ainm duine nó áite, agus nach don duine é féin ná don áit, a
thagraíonn ainm dílis, ní gá é a bheith cinnte:
- Séamas is ainm dó
- [Is] Éire ainm na tíre seo
- Micheál is ea é mar Micheál is ea a athair
- is Caisleán Nua é sin fosta.

Agus is féidir focail den sórt sin a chinntiú mar a chinnteofaí ainm coitianta:
- d'fhéad tú a fhágáil ina Jack nuair a bhí sé ina Jack (tagairt d'ainm madra a athraíodh).

Féach mar a úsáidtear ainm duine san abairt:
- ní fhaca mé i do Tharlach riamh tú go dtí anois.