9.23
Tabhair faoi deara na difríochtaí brí atá sna habairtí seo:
- Tá sagart paróiste ag caint leis na sagairt óga.
- (sagart éiginnte a bhfuil cúram paróiste éiginnte air)
- Cailleadh an sagart paróiste a bhí ar saoire anseo.
- (sagart cinnte a raibh cúram paróiste éiginnte air)
- Ba é sagart an pharóiste a bheannaigh an scoil.
- (sagart cinnte ar a bhfuil cúram paróiste chinnte, an paróiste a bhfuil an
scoil ann, is dócha.)
Is minic, áfach, a úsáidtear an sagart paróiste in ionad sagart an pharóiste sa
chás deireanach.
Ach os a choinne sin ní fhéadfaí sagart an pharóiste a úsáid i gcás paróiste
éiginnte, mar atá sa dara habairt.
Sna trí chás, tá an sagart i gceannas paróiste. Aon sagart atá faoin sagart sin
deirtear gur duine de shagairt an pharóiste é nó gur sagart de chuid an
pharóiste é, is é sin curáideach nó sagart cúnta.