9.24 An tAinmneach Thar Ceann An Ghinidigh Is minic nach n-infhilltear ainmfhocail ar lorg focal a rialaíonn an ginideach de ghnáth. I gcásanna mar sin deirtear go bhfuil foirm ainmnigh agus feidhm ginidigh ag an bhfocal nach bhfuil infhillte.