An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.27

Ach is iondúil go n-infhilltear an t-ainmfhocal ar lorg
- aon nuair a bhíonn an t-alt roimhe mura ngabhann déag leis:
- i gcaitheamh na haon oíche amháin sin
- ar feadh an aon lae amháin
- agus i gcomhfhocail:
- le toil an Aon-Mhic.

- Ach
- de bharr an aon fhear déag.

- c(h)éad:
- tosach an chéad lae
- fad na chéad mhíosa

- agus i gcomhfhocail:
- bás a céadghine

- beirt, triúr, ... dháréag nuair nach seasann an t-ainmfhocal do na haonaid
atáthar a chomhaireamh:
- beirt chlainne
- triúr Bhríde
- airgead na beirte clainne.