9.26
Ní úsáidtear an ginideach ach oiread le
- bunuimhir:
- spás dhá (trí,...fiche) lá
- obair an dá (an scór, an chéad, an mhíle) ainniseoir
- éidí na dtrí (na gcéadta, na mílte) eitleoir
- orduimhreacha:
- obair an dara (tríú,... fichiú) mairnéalach
- in aice ardán a dó
- tosach chaibidil a trí
- uimhreacha pearsanta:
- neart bheirt fhathach
- gúnaí triúr brídeog
- cumhacht triúr (ceathrar, etc.) dochtúirí óga
- eangacha an triúr iascairí Francacha
- cúpla:
- ag ól cúpla deoch
- i gcomhair cúpla caora
- nuair atá ainmfhocal agus uimhir nó litir ar a lorg ag tagairt do shraith nó
liosta de réir alt 45:
- ag brath ar fhorálacha riail (b).
- uimhreacha ainmfhoclacha nuair a ghabhann ainmfhocal eile leo:
- costas an fiche (tríocha, chéad) cathaoir
- teach an tseisear sagart.
- Ach
- troid beirte
- díol triúir.