9.31
Ní úsáidtear ach oiread an ginideach d'ainm briathartha go díreach ar lorg:
- ainm bhriathartha eile a bhfuil an réamhfhocal a, ag roimhe:
- ag brath dul abhaile (tiomáint síos, triall ort)
- ag iarraidh éirí (seasamh, canadh, brostú, rith)
- réamhfhocail chomhshuite:
- tar éis siúl abhaile
- i ndiaidh teacht
- ar tí eitilt suas
- tar éis pósadh.
- Ach
- ar tí a bpósta
- i ndiaidh (chun) mo chrochta.
- chun i bhfrásaí timchainteacha:
- chun séideadh níos measa
- chun iomáint le Corcaigh
- chun troid ina choinne.
- Ach
- siúd chun siúil (reatha) iad
- tá an féar chun bainte.