9.32
Ní úsáidtear an ginideach d'ainmfhocal éiginnte atá ar aon fhoirm le hainm
briathartha agus nach de réir ceann de na cúig dhíochlaonadh a infhilltear é,
agus é ag teacht i ndiaidh an réamhfhocail a, ag, nó i ndiaidh réamhfhocail
chomhshuite:
- ag déanamh athrú (iniúchadh)
- a thabhairt moladh dó
- ag cur filleadh ann
- ar lorg ardú [maith]
- le haghaidh scrúdú
- in éadan pósadh [measctha]
- Ach
- ag déanamh gearáin
- ag ceannach leighis
- de réir oiliúna
- d'uireasa ceangail
- i gcoinne scrúdúcháin
- i gcomhair léitheoireachta.
Tabhair faoi deara nach ainmneacha briathartha, ach ainmfhocail atá ar aon
fhoirm le hainmneacha briathartha, atá i gceist sa riail seo, mar gur aidiachtaí
a cháileodh iad agus nach dobhriathra.
- Ach dobhriathra a dhéanfadh an cáiliú sna samplaí atá in 9.31