9.42
Maidir le focail a chiallaíonn cainníocht éiginnte, mar barraíocht, cuid,
dóthain, sáith, roinnt, a lán, beagán, mórán, an iomad, níos mó, níos lú, go
leor, oiread, tuilleadh, etc., má tá téarma an rannaígh éiginnte is é an
ginideach rannaíoch a úsáidtear de ghnáth:
- barraíocht céille
- roinnt eolais
- níos lú cainte
- go leor airgid reatha.
Ní mór aidiacht shealbhach a bheith ag cáiliú dóthain, sáith:
- mo dhóthain oibre.
Bíonn cuid á cháiliú ag aidiacht shealbhach nó eile:
- cuid mhór daoine
- a chuid eolais.
Ainneoin cuma na cinnteachta a bheith ar na focail seo (agus ar an iomad, a lán,
etc.) bíonn an chainníocht féin éiginnte.
Ach má tá téarma an rannaígh cinnte, sa tabharthach a chuirtear é:
- an chuid den mhin a bhí fágtha
- mo dhóthain den obair
- an iomad den bhainne
- a lán de na camáin
- níos mó den fhearúlacht
- an iomad díobh
- beagán de,
- cuid againn.