An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.43

Focail a bhfuil cainníocht chinnte ag baint leo (dosaen, péire, pionta, punt,
scór, slat), nó focail atá gaolmhar leo (cliabh, mála), nó focail a chiallaíonn
mír (ball, blogh, caibidil, giota, líne, píosa, siolla, véarsa, etc.) is ionann
a gcomhréir agus comhréir na bhfocal atá in 9.42, ach gur gnách an tabharthach
rannaíoch nuair atá an téarma cáilithe:
- punt siúcra ach punt de shiúcra donn
- trí phionta bainne agu trí phionta de bhainne milis

nó más sa ghinideach atá an focal cainníochta:
- spúnóg shiúcra ach lán spúnóige de shiúcra.

Tá claonadh ann an tabharthach a úsáid nuair atá an téarma éiginnte gan cháiliú
ar lorg giota(éiginnte):
- giota de rópa ach an giota rópa seo.

Tá difríocht brí idir cliabh móna(dhá bhrí, 9.7s, 9.23):
- cliabh na móna(dhá bhrí)
- cliabh de mhóin fhliuch
- cliabh den mhóin fhliuch