An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.46

Maidir le beirt, triúr, etc... dháréag úsáidtear:

- an ginideach nó an tabharthach i gcás go mbíonn an focal cainníochta éiginnte
agus an téarma éiginnte ach cáilithe:
- ceathrar ban mór
- ceathrar de mhná móra
- triúr dochtúirí óga
- triúr de dhochtúirí óga

- an tabharthach má bhíonn an focal cainníochta éiginnte agus an téarma cinnte:
- ochtar de na mná (beaga)
- seachtar de na fir (mhóra)
- deichniúr den phaidrín, nó an focal

cainníochta cinnte agus aidiacht ar a lorg:
- an triúr deireanach de na mná
- an chéad bheirt de na peileadóirí

- an ginideach má bhíonn an focal cainníochta cinnte ach gan aon aidiacht go
díreach ar a lorg, nó an téarma gan cháiliú:
- an bheirt bhan (mhóra)
- airgead na beirte ban
- an triúr sagart óg
- seachtar ban an tSabhdáin
- a sheachtar ban
- seachtar ban
- a sheisear iníonacha
- triúr saighdiúirí.