An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.45

Maidir le codáin mar leath, trian, ceathrú cuid, etc. agus taobh, úsáidtear an
dá thuiseal rannaíocha i gcás focail chainníochta éiginnte, ach is é an
ginideach is coitianta:
- leath bealaigh
- leath na foirne,
- trian na n-úll
- ceathrú cuid an phobail
- taobh na tine
- a leath
- a dtrian
- leath amháin den domhan
- trian den úll
- leath de
- trian díobh
- taobh den tine.

Déantar comhfhocal de leath agus an focal rannaíoch uaireanta:
- leathlá (= leath lae).

An tabharthach a úsáidtear i gcás focal cainníochta cinnte ach is féidir an
ginideach a úsáid freisin le taobh thiar, taobh thoir, etc:
- leath Sheáin den soláthar
- an leath eile de
- mo thriansa díobh
- taobh na gaoithe den oileán
- an taobh thiar den oileán
- nó
- taobh thiar an oileáin
- an ceann thoir de
- nó
- a cheann thoir.

Ní úsáidtear aidiacht shealbhach rannaíoch agus forainm réamhfhoclach rannaíoch
leis an bhfocal cainníochta céanna.

Ní deirtear a leath de ach amháin nuair a chuireann a úinéireacht in iúl:

- a leath féin den airgead.

Féach freisin 9.48.

Tabhair faoi deara brí an dá abairt seo a leanas:
- díol an trian den bharr atá sábháilte (an trian atá sábháilte atá i gceist)
- díol trian an bhairr (den bharr) atá sábháilte. (Tá an barr iomlán sábháilte.
Díol trian éiginnte de.)