An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

10.7

I gcás sloinnte réamh-Normannacha agus sloinnte Sean-Ghall, más sloinnte
aidiachtacha iad nó sloinnte dar tús Ó, Mac, Mag agus dar críoch ginideach ainm
phearsanta, tá foirm ainmfhoclach acu ann dar críoch -ch (sa chéad
díochlaonadh).

Is mar seo a dhíorthaítear an fhoirm dar críoch -ch:

- i gcás sloinnte stairiúla áirithe dar tús Ó, Mac, Mag, cuirtear -ch, -ach,
-each, -och le tuiseal ainmneach an fhocail a leanann Ó, Mac, Mag sa
ghnáthfhoirm, ach gan aon iarmhír a chur le cinn dar críoch -ch cheana féin:
- Ó Néill, Niallach
- Ó Dochartaigh, Dochartach
- Ó Gallchóir, Gallchóireach
- Ó hÍcí, Ícíoch
- Mac Gearailt, Gearaltach
- Mac Cárthaigh, Cárthach

- i gcás sloinnte aidiachtacha ní dhéantar aon athrú.

- i gcás sloinnte Sean-Ghall dar tús de nó sloinnte aonfhoclacha Sean-Ghall,
déantar mar a dhéantar leis na sloinnte stairiúla thuas ach go ligtear de ar
lár, go ndéantar -íoch de -igh, agus go leathnaítear na foircinn -éil, -éir:
- de Búrca, Búrcach
- de Buitléir, Buitléarach
- Dairsigh, Dairsíoch
- Ruiséil, Ruiséalach
- Báróid, Báróideach.