10.8
Cásanna éagsúla d'úsáid na sloinnte:
- Ó Briain
1 - Seán (ar Sheán) Ó Briain
2 - Bean [Sheáin] Uí Bhriain (Béarla: Mrs [J. O'B]. J.O'B.'s wife)
3 - a Sheáin Uí Bhriain
4 - Máire (teach Mháire ar Mháire a Mháire) Ní Bhriain (bean aonta)
- Uí Bhriain (bean phósta)
5 - An Brianach Mac Uí Bhriain (Béarla: Mr O'B.)
6 - A Mhic Uí Bhriain A Bhrianaigh ([Mr] O'Brien!)
7 - Teach Mhic Uí Bhriain teach an Bhrianaigh (Béarla: [Mr] O'Brien's house)
8 Bean (Iníon) Uí Bhriain - Bean (Iníon) an Bhrianaigh [Béarla: Mrs (Miss) O'B.]
9 muintir Bhriain - na Brianaigh (Béarla: the O'Briens)
10 - Duine (fear, bean, sagart, etc.) de mhuintir Bhriain (de Bhrianach - de na Brianaigh). (Béarla: a person, etc., called O'B.)
11 De mhuintir Bhriain mé - de Bhrianach mé
- de na Brianaigh mé (Béarla: My name is O'B).
Freagra é seo ar:
- cér díobh thú?
- cé leis thú?
- cá sloinne thú?
I gcás na sloinnte seo thíos freagraíonn na huimhreacha do na huimhreacha a
ghabhann le Ó Briain thuas - agus na focail atá ar lorg na n-uimhreacha thíos
freagraíonn siad do na focail Ghaeilge i gcló iodálach a leanann na huimhreacha
céanna thuas.
Ó hAogáin 1. Ó hAogáin
- 2, 3. Uí Aogáin
- 4. Ní (Uí) Aogáin
- 5. an tAogánach, Mac Uí Aogáin
- 6. Mhic Uí Aogáin, Aogánaigh
- 7. Mhic Uí Aogáin, an Aogánaigh
- 8. Uí Aogáin, an Aogánaigh
- 9. muintir Aogáin, na hAogánaigh
- 10, 11. mhuintir Aogáin, Aogánach, na hAogánaigh
Ó Maoil Eoin 1. Ó Maoil Eoin
- 2, 3, 8. Uí M[h]aoil E.
- 4. Ní (Uí) M[h].E.
- 5. Mac Uí M[h].E.
- 6,7. Mhic Uí M[h].E.
- 9. Clann Uí M[h].E.
- 10,11. Chlann Uí M[h].E
- Mac Mathúna 1. Mac Mathúna
- 2,3. Mhic Mhathúna
- 4. Nic Mhathúna
- 5. an Mathúnach,
- Mac Uí Mhathúna
- 6. Mhic [Uí] Mhathúna, an Mhathúnaigh
- 7. Mhic [Uí] Mhathúna, an
- Mhathúnaigh
- 8. Mhic Mhathúna, an Mhathúnaigh
- 9. Clann Mhic Mhathúna
- 10, 11. Chlann
- Mhic Mhathúna, na Mathúnaigh
- Mac an Bhaird 1,5. Mac an Bhaird
- 2,3,6,7,8. Mhic an Bhaird
- 4. Nic an Bhaird
- 9. Clann
- Mhic an Bhaird
- 10, 11. Chlann Mhic an Bhaird
- Mac Giolla Phádraig 1,5. Mac G. Ph.
- 2,3,6,7,8. Mhic G. Ph.
- 4. Nic G. Ph.
- 9. Clann Mhic G. Ph.
- 10, 11. Chlann Mhic G. Ph.
- Breatnach 1. Breatnach
- 2,3. Bhreatnaigh
- 4. Bhreatnach
- 5. an Breatnach, Mac an Bhreatnaigh
- 6. [Mhic an] Bhreatnaigh
- 7, 8. an Bhreatnaigh
- 9. na Breatnaigh
- 10,11. Bhreatnach, na Breatnaigh
- de Búrca 1-4. de Búrca
- 5. an Búrcach, Mac an Bhúrcaigh
- 6. [Mhic an] Bhúrcaigh
- 7,8 an Bhúrcaigh
- 9. muintir Bhúrca, na Búrcaigh
- 10, 11. mhuintir Bhúrca, Bhúrcach, na Búrcaigh
- Céitinn 1-4. Céitinn
- 5. Céitinn, an Céitinneach, Mac an Chéitinnigh
- 6. Chéitinn, [Mhic an] Chéitinnigh
- 7,8. an Chéitinnigh
- 9. muintir Chéitinn, na Céitinnigh
- 10, 11. mhuintir Chéitinn, Chéitinneach, na Céitinnigh
Page 1-4 Page
- 5. Mac Uí Page
- 6,7. Mhic Uí Page
- 8. [Uí] Page
- 9. muintir Page
- 10, 11. mhuintir Page.
Sloinnte atá ar aon dul le
- Ó Briain Ó Caoimh
- Ó Cathasaigh
- Ó Dálaigh
- Ó Dochartaigh
- Ó Gráda
- Ó Luanaigh
- Ó Murchú
- Ó Néill
- Ó Raghallaigh
- Ó Sé
- Ó Súilleabháin
Sloinnte atá ar aon dul le
- Ó hAogáin
- Ó hAnluain
- Ó hAnrachtaigh
- Ó hArtaigh
- Ó hEára
- Ó hÉigeartaigh
- Ó hÉillí
- Ó hÍcí
- Ó hÓgáin
Sloinnte atá ar aon dul le
- Ó Maoil Eoin
- Ó Maolchallann
- Ó Maoilchiaráin
- Ó Maoldomhnaigh
- Ó Maoil Íosa
- Ó Maolrua
Sloinnte atá ar aon dul le Mac Mathúna Mac Airt
- Mac Bhloscaidh
- Mac Cába
- Mac Cárthaigh
- Mac Conmara
- Mac Conmhaoil
- Mac Conraoi
- Mac Curtáin
- Mac Laibheartaigh
- Mac Lochlainn
- Mac Pháidín
- Mag Rabhartaigh
- Mag Eochagáin
- Mac Giollagáin
- Mag Ruairí
- Mag Shamhráin
- Mag Uidhir (ach nach séimhítear c nó g ar lorg Mhic nó Nic
- agus nach gnách Con- a shéimhiú in aon tuiseal)
Sloinnte atá ar aon dul le
- Mac an Bhaird
- Mac an Airchinnigh
- Mac an Bheatha
- Mac an tSaoi
- Mac an tSaoir
Sloinnte atá ar aon dul le
- Mac Giolla Phádraig
- M. G. Bhríde
- M. G. Chatáin
- M. G. Cheallaigh
- M. G. Mhuire
- M. G. Pheadair
Sloinnte atá ar aon dul le
- Breatnach
- Biatach
- Brídeach
- Caomhánach
- Déiseach
- Laighneach
- Leamhnach
- Ultach
Sloinnte atá ar aon dul le
- de Búrca
- de Barra
- de Brún
- de Cléir
- de Cúrsa
- de Faoite
- de Híde
- de Nógla
- de Paor
- de Róiste
- de Vál
- de Vial
- de Vuinn
Sloinnte atá ar aon dul le
- Céitinn
- Bairéid
- Báróid
- Condún
- Dairsigh
- Daltún
- Díolún
- Feirtéir
- Pluincéid
- Puirséil
- Rís
- Ruiséil
Sloinnte atá ar aon dul le Page Dingle,
- Lemass,
- Dickens.