An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.3
AN AIDIACHT FHAISNÉISEACH

Úsáidtear an aidiacht fhaisnéiseach
- mar fhaisnéis in abairt chopaileach:
- is mór an fear é
- mar chomhlánú ar bhriathar:
- tá sibh tuirseach
- d'éirigh siad bán
- chonaic sé a bhean marbh roimhe
- mar chomhlánú ar ainm briathartha:
- níor mhaith liom éirí róthrom
- tá sé ag éirí fliuch
- mar chomhlánú ar aidiacht bhriathartha:
- an bhfuilimid éirithe leisciúil?

In abairt chopaileach is ar lorg na copaile a chuirtear an aidiacht.

Sna cásanna eile is áit éigin ar lorg an ainmní a chuirtear í.