11.4
Ní úsáidtear an aidiacht fhaisnéiseach le briathra faisnéiseacha sa Ghaeilge
chomh minic is a dhéantar i gcuid de na teangacha eile.
Má tá béim ar bith ar an aidiacht is minic abairt chopaileach á húsáid.
Mar shampla, dá mba mhian le duine tagairt a dhéanamh d'amhrán a mbeifí i
ndiaidh a chanta ina láthair, is túisce go mór a déarfadh sé
- ba bhinn an t-amhrán é sin
- ná
- bhí an t-amhrán sin go binn (11.6).
Mar an gcéanna is minic a déarfaí:
- tá dath dearg ar na cártaí sin
- nó
- is cártaí dearga iad sin
- in ionad
- tá na cártaí sin dearg.
Mar sin féin tá a lán cásanna ann ina mbainfí feidhm as an aidiacht
fhaisnéiseach ar lorg briathair fhaisnéisigh fiú agus béim ar an aidiacht:
- tá sé fliuch
- d'éirigh an oíche stoirmeach
- fásfaidh sé ró-ard.
Agus is é is gnách i gcás aidiachtaí dar críoch -ach, -far, -mh[e]ar, -úil, agus
aidiachtaí briathartha.