An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.10

Má tá dlúthcheangal idir ainmfhocal amháin agus ainmfhocal ginideach éiginnte a
cháilíonn é, cuirtear an t-ainmfhocal ginideach idir an chéad ainmfhocal agus
aon aidiacht a thagann ina dhiaidh á cháiliú:
- gach tiarna talún nua
- an chéad sagart paróiste eile
- cailín aimsire sláintiúil.

Nuair nach bhfuil an ceangal ródhlúth tugtar tús áite go hiondúil don aidiacht
thuairisciúil:
- an lá breá gréine úd.
I gcásanna eile tá an dá eagar coitianta:
- teach gloine breá
- teach breá gloine.

Bíonn tús áite uaireanta ag ainmfhocal ginideach cinnte ar aidiacht
thaispeántach:
- fear na cainte úd
- bean na dtrí bhó sin.