11.11
Díochlaonadh Na hAidiachta
Díochlaontar bunchéim na haidiachta aitreabúidí tuairisciúla go hiondúil de réir
inscne, thuiseal, agus uimhir a hainmfhocail (ach féach 11.18, 11.19).
Ní dhíochlaontar an aidiacht in aon chás eile.
Maidir le haidiachtaí atá indíochlaonta, is mar a chéile na foirmeacha atá i
ngach ceann de na ceithre ghrúpa seo a leanas:
- an t-ainmneach agus an tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach
- agus an ginideach iolra lag (is é sin, an fhoirm den ghinideach iolra a
ghabhann le hainmfhocal a bhfuil iolra lag aige).
- na foirmeacha iolra go léir taobh amuigh den ghinideach iolra lag
- an ginideach agus an gairmeach uatha firinscneach
- an t-ainmneach agus an gairmeach uatha baininscneach.
Mar sin de, ní gá ach na ceithre fhoirm seo a leanas a bheith ar eolas le go
mbeidh gach foirm ar eolas:
- an t-ainmneach uatha
- an ginideach uatha firinscneach
- an ginideach uatha baininscneach
- an t-ainmneach iolra.