11.18
Ní ghéilleann uimhir na haidiachta aitreabúidí tuairisciúla d'uimhir an
ainmfhocail sna cásanna seo a leanas ina n-úsáidtear tréaniolra na haidiachta:
- nuair atá dhá, trí, ... deich, déag ag cáiliú an ainmfhocail uatha:
- dhá bhád
- dhá láimh bheaga
- costas na naoi dteach dhearga
- aon chat déag bhána
- nuair atá sí ag cáiliú beirt nó ag cáiliú ainmfhocal eile atá ag cáiliú beirt:
- beirt bheaga
- beirt fheirmeoirí óga
- beirt bhan mhóra (mhisniúla, etc.)
- saothar na beirte feirmeoirí óga
- nuair atá sí ag cáiliú muintir
- an mhuintir óga.