11.23
Céimeanna Comparáide Na hAidiachta
I dteannta aidiacht thuairisciúil a úsáid chun cáilíocht a lua i leith duine
(ruda, grúpa) is féidir a húsáid freisin chun trácht ar a mhéad a bhaineann an
cháilíocht leis.
Céimeanna comparáide a thugtar ar na slite ina ndéantar sin.
Is iomaí saghas céim chomparáide ann, ach níl ach dhá chéim acu ina bhfuil foirm
leithleach ag an aidiacht, mar atá, an bhunchéim agus an bhreischéim.