An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.24

An Bhreischéim agus Múnlaí Gaolmhara

De ghrá na simplíochta tugtar bunchéim na haidiachta ar fhoirm bhunaidh na
haidiachta:
- bán,
- saibhir,
- gearr,
- fearúil,
- breá,

cé gur minice ná a chéile nach mbíonn comparáid ar bith i gceist.

Is í an bhreischéim a úsáidtear nuair a thráchtar ar cháilíocht áirithe a bheith
níos tréine ag duine (rud, grúpa) áirithe seachas a chéile, nó ag an duine (rud,
grúpa) céanna faoi thosca áirithe seachas a chéile.

Is í foirm ghinideach uatha bhaininscneach na haidiachta a úsáidtear chuige sin
go hiondúil:
- báine,
- saibhre,
- giorra,
- fearúla,
- breátha

agus tugtar breischéim na haidiachta ar an bhfoirm sin nuair a úsáidtear i
gcomparáid í.

Ní dhíochlaontar an bhreischéim.