11.28
Sa táscach láithreach agus caite, agus sa choinníollach,
is gnách an chopail a úsáid in ionad an bhriathair bí
agus ní bhaintear feidhm as níos, ní b', ní ba sa chás sin:
- is troime bonn dhá phingin ná bonn pingine
- is gile an ghrian ná an ghealach agus ná na pláinéid
- ní lia tír ná nós
- nach treise dúchas ná oiliúint?
- nárbh fhearr gluaisteán ná rothar?