An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.27

Má tá an aidiacht ina comhlánú ag briathar faisnéiseach cuirtear an dobhriathar
- níos
roimh an aidiacht nuair atá aimsir phríomha ann,
agus cuirtear ceann de na
dobhriathra
- níos,
- ní b',
- ní ba
- roimpi nuair atá aimsir stairiúil ann.

Ní úsáidtear ní b' ach roimh aidiacht dar tús guta nó fh + guta.

Is féidir

ní ba

a úsáid roimh chonsan in aon chás eile:
- beidh sí níos airde ná a máthair
- d'éirigh Seanán níos (ní ba) raimhre ná Colmán
- bhínnse níos fuaire (ní b'fhuaire) ná tusa.

Is cumasc an dobhriathar
- níos
- (ní b', ní ba)
den ainmfhocal ní (rud)
agus foirm choibhneasta dhíreach na copaile,
agus is comhlánú ar an mbriathar faisnéiseach an t-ainmfhocal
- ní.

Uaireanta scríobhtar mar níba (níb) é.