An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.30

Is féidir níos (ní b', ní ba) + aidiacht a úsáid go haitreabúideach le
hainmfhocal éiginnte má tá comparáid neamhspleách ann:
- tóg ceann níos fearr
- chuamar bealach níos (ní b') achrannaí
- cheannóinn í ar phraghas níos (ní ba) réasúnta
- ba mhaith liom ceann níos (ní b') óige.

Uaireanta úsáidtear an clásal coibhneasta atá i gceist in 11.31:

- díolfaidh tú as seo lá is faide anonn.