An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.31

I ngach cás eile is gnách an aidiacht a chur i gclásal coibhneasta copaileach in
ionad í a úsáid go haitreabúideach.

Sna cásanna sin ní úsáidtear níos, ní b', ní ba.

Mar shampla, má tá ainmfhocal éiginnte á cháiliú ag an aidiacht i gcomparáid
spleách:
- tá leabhar agamsa is fearr ná do cheannsa
- níor imir sé riamh cluiche ba shuimiúla ná é
- chonaic mé easpag ab óige ná eisean.