11.33
Is fiú an scéim chomparáide sin thuas a chur i gcomórtas le scéim an Bhéarla.
Is do bhreischéim an Bhéarla a fhreagraíonn ailt 11.26-31.
Is di freisin a fhreagraíonn 11.32
más péire atáthar a chur i gcomparáid
ach is do shárchéim an Bhéarla a fhreagraíonn 11.32
i gcás níos mó ná péire.
D'fhreagródh abairtí mar
- tóg an peann is fearr
- is iad na leabhair staire is suimiúla
- do bhreischéim nó do shárchéim an Bhéarla de réir an chomhthéacs.
Is beagnach mar a chéile fosta, ó thaobh 11.32 de, scéim chomparáide na Gaeilge
agus an scéim Bhéarla a mbeadh claonadh ag a lán daoine in Éirinn léi murach
tionchar an Bhéarla chaighdeánaigh.
Ní dhealaíonn siad idir comparáid ina bhfuil péire i gceist agus comparáid ina
bhfuil níos mó ná péire i gceist (his best eye, etc.).