11.32
I gcás go mbeadh ainmfhocal cinnte, nó forainm, á cháiliú ag an aidiacht, ní
luaitear go hindibhidiúil ach an príomhcheann de na nithe atáthar a chur i
gcomparáid.
Féadann an chomparáid a bheith neamhspleách,
ach mura bhfuil, cuirtear i ndiaidh
na haidiachta ceann de na réamhfhocail
- de,
- ar
agus cnuasainm (nó a chothrom) a sheasfaidh do na nithe go léir atá i gceist, sin nó clásal coibhneasta eile.
- le briathar faisnéiseach:
- dhíol sé an beithíoch ab fhearr [den phéire den scata]
- tabharfar an post don duine is macánta [den bheirt, den triúr]
- cheannaigh mé an rothar ba bhreátha [a bhí ann].
- in abairt aicme:
- fear cróga is ea an duine is óige [den bheirt, den fhoireann].
- in abairt ionannais:
- is é an mol theas [an mol] is faide uainn [den bheirt]
- ba í an tsúil chlé [an tsúil] ba laige aige
- ní hí Éire an tír is saibhre [den triúr; ar domhan]
- ba é an poll ba mheasa [den dá pholl; den iomlán] é
- is é an fear is treise [ar a chine] é
- is é is treise
- nárbh é Seáinín an leanbh ba bhreátha dá bhfaca tú (a chonaic tú) riamh?