11.35
Uaireanta úsáidtear breischéim aidiachta le
- bunchéim nó breischéim aidiachta eile:
- is mó is fíor anois é ná riamh (= is fíre ...)
- is é is lú is gann dó punt a thabhairt dom
- ba iad na mná ba mhó ba chiontach (= ... ba chiontaí)
- is mó is córa duit fanacht sa bhaile
- copail + ainmfhocal atá ag feidhmiú mar aidiacht
- (eol, cuimhin, fiú):
- is cruinne is eol dom an bealach seo
- is fearr is cuimhin liom laethanta m'óige
- ba lú ab fhiú ansin é
- ainmneach tagartha ainmfhocail.
Feidhm aidiachta breischéime a bhíonn ag an ngrúpa:
- an cainteoir is mó cáil (=... is cáiliúla)
- an duine ba lú eagla (= ... ba neamheaglaí)
- an fíon ba dheise blas (= ... ba bhlasta)
- an fear ab fhearr urchar.