An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.36

Is minic a thógtar aidiacht bhreischéime amach as an abairt nuair a dhéantar
clásal coibhneasta den abairt.

Roimh an gclásal a chuirtear an aidiacht:
- is iomaí duine is mó a bhfuil cúis aige ná (mar) atá agatsa (tá cúis níos mó ...)
- sa samhradh is teo a bhíonn an aimsir (bíonn an aimsir is teo ...)
- in aice an gheata isteach ba shalaí a bhí an pháirc (bhí an pháirc níos salaí ansin
- imigh siar ós agat is lú atá le déanamh (tá níos lú le ...)
- is é Pól an t-aspal is mó a d'fhág scríofa
- ní fhaca mé riamh asal ba mhó a raibh ualach air ná é (bhí ualach níos mó ...)

Amanna eile nach dtógtar amach í:
- ba cheacht é sin nach ndearna níos críonna iad
- thug siad urraim don mhuintir a bhí níos sine ná iad
- is ann atá an fear is saibhre ina chónaí.