11.37
Ní gnách aidiacht shealbhach ná ainmfhocal ginideach cinnte a bheith ag cáiliú
ainmfhocal eile má tá an t-ainmfhocal sin á cháiliú ag leagan dar múnla copail
choibhneasta + breischéim aidiachta.
Leaganacha mar seo a leanas is gnáiche:
- pósfar an mac is sine ag Seán
- cailleadh an iníon is óige ag Bairbre
- ar an gcluais ba bhodhaire agam.
Féach freisin 12.10.