11.41
An Chéim Iolra
- tá an mála mór trí huaire chomh trom leis an mála beag
- tá an mála mór trí huaire níos troime ná an mála beag
- is airde faoi dhó an spuaic ná an túr
- is míle measa (seacht bhfearr) anois é.
Úsáidtear sa chéim iolra freisin an t-ainmfhocal oiread gan aon aidiacht
thuairisciúil:
- seacht n-oiread an mhiosúir sin
- tá a thrí oiread ann
- tá a oiread faoi thrí ann
- a leathoiread arís
- tá airgead agat a thrí oiread liomsa
- tá a thrí oiread airgid agat liomsa.