11.42
An tSárchéim
Le réimír nó le frása dobhriathartha a chuirtear an chéim seo in iúl:
- tá sé an-bhocht
- ardleisciúil
- daorbhocht
- deargdhíomhaoin
- dianmhaith
- fíorolc
- lánsásta
- urghránna
- saibhir amach is amach
- crua i gceart
- iontach mór
- an-dona go léir
- simplí go héag
- lag go maith
- thar a bheith dílis.
Agus nuair nach bhfuil aon teorainn le céim na cáilíochta uilechumhachtach
- rónaofa
- sármhaith.