An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

12.2
AN MHAOLUIMHIR
Maoluimhir is ea uimhir nach dtagann ainmfhocal go díreach ar a lorg.

Is é seo a leanas córas na maoluimhreacha go dtí 20:

0 náid 7 a seacht 14 a ceathair déag
1 a haon 8 a hocht 15 a cúig déag
2 a dó 9 a naoi 16 a sé déag
3 a trí 10 a deich 17 a seacht déag
4 a ceathair 11 a haon déag 18 a hocht déag
5 a cúig 12 a dó dhéag 19 a naoi déag
6 a sé 13 a trí déag 20 fiche

Os cionn 20 is é seo a leanas an córas is oiriúnaí de ghnáth:
21 fiche a haon 2 fiche a dó 23 fiche a trí
24 fiche a ceathair 25 fiche a cúig 26 fiche a sé
27 fiche a seacht 28 fiche a hocht 29 fiche a naoi
30 tríocha 31 tríocha a haon 32 tríocha a dó
40 daichead 41 daichead a haon 43 daichead a trí
50 caoga 66 seasca a sé 79 seachtó a naoi
118

81 ochtó a haon 94 nócha a ceathair
100 céad 101 céad a haon
102 céad a dó 110 céad a deich
111 céad a haon déag 120 céad is fiche
220 dhá chéad is fiche
340 trí chéad is daichead
976 naoi gcéad seachtó a sé
1,000 míle
1,100 míle is céad
3,972 trí mhíle, naoi gcéad seachtó a dó
4,001 ceithre mhíle, a haon
7,116 seacht míle, céad a sé déag
1,100,180 milliún, céad míle, céad is ochtó
4,239,587 ceithre mhilliún, dhá chéad tríocha is naoi míle, cúig chéad ochtó a seacht
7,318,001 seacht milliún, trí chéad is ocht míle dhéag, a haon