12.3
Cuirtear
is
de ghnáth roimh ainmfhocal uimhriúil (fiche, ochtó, míle, etc.) ag
deireadh maoluimhreach:
- trí chéad is daichead,
- nó ag deireadh mír di i gcás arduimhreacha:
- dhá chéad tríocha is naoi míle, cúig chéad is ochtó,
fiú agus an t-ainmfhocal sin á cháiliú ag uimhir aidiachtach.
Maidir leis na maoluimhreacha eile, cuirtear
a
rompu sa chás céanna:
- daichead a trí
- cúig chéad a sé déag.