An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

12.5

An Bhunuimhir Neamhphearsanta

Bunuimhir a thugtar ar an uimhir is gnách a chur go díreach roimh an ainmfhocal
nó timpeall air chun an líon rudaí atá i gceist a insint.

Is é seo a leanas an córas is gnách san ainmneach:
- 1 aon chapall amháin (capall amháin - capall)
- 2-6 dhá (trí, ceithre, cúig, sé) chapall
- 7-10 seacht (ocht, naoi, deich) gcapall
- 11-16 aon (dhá, ... sé) chapall déag
- 17-19 seacht (ocht, naoi) gcapall déag
- 20, 21 fiche capall, capall is fiche
- 22-26 dhá (trí, ... sé) chapall is fiche
- 30,40, etc. tríocha (daichead, caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha) capall
33, 43, etc. trí chapall is tríocha (daichead, ... nócha)
- 100
- 1,000
- 1,000,000 céad (míle, milliún) capall.

Os cionn 100
féadtar fiche (tríocha, ... nócha) agus na haonaid a chur droim ar ais,
ach is ar lorg a ainmfhocail a thagann déag,
cibé acu gnáth-ainmfhocal nó míle nó milliún é.

121 céad fiche is aon chapall amháin
340 trí chéad is daichead capall
2,334 dhá mhíle, trí chéad, tríocha is ceithre chapall
1,239,567 milliún, dhá chéad tríocha is naoi míle, cúig chéad seasca is seacht gcapall
6,412,002 sé mhilliún, ceithre chéad is dhá mhíle dhéag, is dhá chapall
121

111 céad is aon chapall déag
111,212 céad is aon mhíle dhéag, dhá chéad is dhá chapall déag.

Cuirtear is roimh ainmfhocal (bíodh sé uimhriúil nó eile) i gcás na
mbunuimhreacha thuas díreach mar a deirtear in 12.3.