An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

12.4
Úsáid na Maoluimhreacha
- Úsáidtear leis an mír

a

iad mar a dhéantar thuas
- sa chomhaireamh lom: a haon
- a dó
- a trí, etc.

- sna bunoibrithe uimhríochta:
- a haon is a haon sin a dó
- a haon déag ó a dó dhéag sin a haon
- a deich ar a cúig sin a dó
- a deich faoi a dó sin fiche
- ach rinne sé faoi dhó é.
- roimh

de

mura bhfuil rogha dhá uimhir i gceist:
- a ceathair déag de bhlianta ó shin
- fiche a cúig de chapaill
- ag insint an ama:
- a haon a chlog
- cúig nóiméad tar éis a dó
- ceathrú i ndiaidh a ceathair
- a deich go dtí (chun) a cúig
- níl sé a hocht fós
- timpeall a sé
- i dtrátha a haon

- ag ainmniú figiúirí (ar an teileafón, i ndeachúlacha, san ailgéabar, etc.):
- a náid, péire dó, a sé, a cúig, a ceathair, a trí, a dó, a haon (022-654321)
- a trí pointe a dó a ceathair (3.24)
- a dó dhéag xy (12 xy)
- sa gheallchur:
- a trí ar a haon
- céad ar a haon
- mar orduimhreacha ar lorg ainmfhocail:
- bus caoga a sé
- Seoirse a Dó
- an Pápa Eoin Fiche a Trí
- sa bhliain míle, cúig chéad fiche a dó.
- Cuirtear

a

roimh fiche, tríocha, etc. i leaganacha mar
- bus a fiche (tríocha, etc.)
- i mbliain a fiche (a tríocha, a céad, etc.)

Feidhm aidiachta atá leis an maoluimhir mar orduimhir.
Ainmfhocal í i ngach cás eile.
- Úsáidtear gan an mhír a iad
- in imirt cártaí:
- thiontaigh sé aon
- aon an mháimh
- an t-aon hart
- an dó triuf
- an ceathair muileata
- an deich spéireata
- bhuaigh sé dhá chúig
- bhí beirt an deich ag teacht isteach
- le minicíocht a léiriú:
- tháinig sé faoi dhó (faoi chéad)
- san uimhríocht nuair a ghabhann brí chinnte nó brí iolra leis an uimhir:
- scrios amach an ceathair
- na haonta (dónna, tríonna, ceathaireanna, cúigeanna, séanna, seachtanna, hochtanna, naonna, deicheanna)
- trí dhó
- dhá cheathair
- sé dheich
- sna déaga
- sna fichidí
- i bhfrásaí áirithe i gcúrsa airgid:
- deich bpunt caoga (£10.50)

- nuair atá rogha dhá uimhir i gceist:
- dó nó trí de chuarta
- seacht [déag] nó ocht déag de ghaltáin
- idir gach aon dó nó trí d'fhocail
- in aghaidh gach trí nó ceathair de bhlianta
- lá nó dhó.

Is ainmfhocal an uimhir i ngach cás thuas.