An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

12.7

Más 1 atá sa dara colún (colún na ndeicheanna) de bhunuimhir agus go bhfuil an
t-ainmfhocal á cháiliú ag focal éigin eile is féidir an gnáthchóras a úsáid:
- aon fhuinneog déag mhóra, etc.,
- ach is gnáiche leaganacha mar iad seo a leanas a úsáid:
- aon cheann déag d'fhuinneoga móra
- céad is seacht gcinn déag de phinn luaidhe
- dhá chéad is trí cinn déag de longa cogaidh.

Agus is féidir an scéim chéanna a úsáid le huimhir ar bith:
- seacht gcinn de chaoirigh
- ocht gcinn de lachain fhiáine
- ceithre cinn is fiche de bháid (mhóra).