12.8
An Uimhir Phearsanta
Is iad seo a leanas na huimhreacha pearsanta:
- beirt (dís),
- triúr,
- ceathrar,
- cúigear,
- seisear,
- seachtar,
- ochtar,
- naonúr,
- deichniúr,
- dháréag.
- Sa ghinideach iolra a bhíonn an t-ainmfhocal a cháilíonn siad.
Is féidir an uimhir phearsanta a úsáid
- le hainmfhocal pearsanta:
- beirt fhear
- dís bhan
- triúr banaltraí
- dháréag aspal
- lom (is é sin, gan ainmfhocal go díreach ina diaidh):
- beirt de na filí
- triúr nó ceathrar a bhí ann
- troid beirte
- bád ceathrair
- cor ochtair
- cá mhéad gasúr? ochtar.
I gcás uimhreacha taobh amuigh de 2-10, 12, ní mór gnáthchóras na mbunuimhreacha
neamhphearsanta a úsáid:
- duine (amháin)
- aon duine amháin
- aon bhean déag
- trí fhear déag
- seacht nduine dhéag
- fiche mairnéalach.
Is féidir an córas sin a úsáid freisin i gcás uimhir ar bith:
- dhá namhaid
- trí sheanbhean
- Cogadh an Dá Aodh
- an Dá Aspal Déag.
I gcás ainmfhocal neamhphearsanta ar bith, nuair nach gá an t-ainmfhocal a lua ná a athlua,
deirtear
- ceann amháin,
- dhá cheann,
- trí cinn,
- etc.,
- sin nó ceann amháin,
- beirt,
- triúr,
- etc.:
- cá mhéad leabhar atá agat? ceann amháin
- (dhá cheann, - fiche ceann, míle ceann)
- bhuaigh sé dhá chluiche agus chaill triúr (trí cinn).
Ní chuirtear beirt, triúr, etc. roimh ainmfhocal neamhphearsanta mar ubh, cat, cloch, crann.
Deirtear ceann de na mná (cailíní, buachaillí, etc.) chomh maith le duine de na mná, etc.
#ALT
AN ORDUIMHIR