12.10
Ní gnách aidiacht shealbhach ná ainmfhocal ginideach cinnte a bheith ag cáiliú
ainmfhocail má tá orduimhir á cháiliú.
Leaganacha mar seo a leanas is gnáiche:
- an chéad mhac aige
- an dara hiníon dó
- an tríú deirfiúr le Seán.
Ach uaireanta úsáidtear an aidiacht shealbhach nó an t-ainmfhocal ginideach cinnte:
- a chéad mhac
- a deichiú bliain
- ár gcéad athair
- seachtú mac an rí. Agus is é is iondúla i bhfrásaí mar dara máta na loinge.