12.9
An Orduimhir
Insíonn an orduimhir an t-ord, agus mar sin de is gnách a hainmfhocal a bheith
cinnte.
Mar gheall air sin is minice ná a chéile an t-alt roimhe.
Seo córas na n-orduimhreacha ar lorg an ailt san ainmneach:
1 an chéad chapall (bhó, asal)
2-10
- an dara (tríú,
- ceathrú,
- cúigiú,
- séú,
- seachtú,
- t-ochtú,
- naoú,
- deichiú) capall (bó, hasal)
11-19 an t-aonú (dóú, tríú,...naoú)
capall (bó, hasal) déag
20,
- 30,... 90 an fichiú (tríochadú,
- daicheadú,
- caogadú,
- seascadú,
- seachtódú,
- t-ochtódú,
- nóchadú) capall,
- 21, 22, etc.
- an t-aonú (dóú, etc.) capall is fiche
- 91, 92, etc. an t-aonú (dóú, etc.) capall is nócha
100, 1,000, 1,000,000
- an céadú (míliú, milliúnú) capall
101, 102, etc.
- an céad is aonú (dóú, etc.) capall
- 111, 112, etc.
- an céad is aonú (dóú, etc.) capall déag
- 231, 232, etc.
- an dá chéad tríocha is aonú (dóú, etc.) capall
- 312,564
- an trí chéad is dhá mhíle dhéag,
- cúig chéad seasca is ceathrú capall
- 2,342,413 an dá mhilliún,
- trí chéad daichead is dhá mhíle, ceithre chéad is tríú capall déag.
Úsáidtear gach roimh an orduimhir i roghanna áirithe:
- gach dara (tríú, etc.) húll
- gach re úll = gach dara húll.
Uaireanta úsáidtear dóú agus treas in ionad dara agus tríú faoi seach.