1.33
Maidir le focail nach bhfuil i gceist in 1.31, 1.32, tá dhá nós ann:19
- príomhaiceann a chur ar an gcéad siolla agus fo-aiceann ar aon siolla eile a
bhfuil guta fada nó défhoghar ann.
An chéad fho-aiceann an fo-aiceann is treise:
- bachlóg, bádóirí, cailíní, cearnóga, chráidís, d'fhanaidís, fuiseog, grósaeir,
labhraím, mholfaí, sciathán, sclátaí, scríbhneoirí, tarlaíonn, uachtarán
- aiceann a chur de ghnáth ar gach siolla a bhfuil guta fada nó défhoghar ann.
Is minic na haicinn ar aon neart, ach is minice gur treise ceann acu ná na cinn
eile de bharr cáilíochtaí áirithe a bheith sna gutaí féin nó sna consain
chóngaracha nó i roinn chainte an fhocail:
bachlóg, bádóirí, cailíní, cearnóga, chráidís, fuiseog, grósaeir, labhraím, sciathán,
sclátaí,scríbhneoirí, tarlaíonn, uachtarán.
Amanna, áfach, is ar ghuta tosaigh gairid a bhíonn an t-aiceann:
d'fhanaidís, mholfaí.20