An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

2.1
Na Ranna Cainte

Is gnách ocht bpríomhroinn a dhéanamh ar fhocail de réir a bhfeidhme.

Ainmfhocal (ainm):
focal a léiríonn duine nó rud nó áit nó idé:
- fear
- Seán
- cat
- bord
- Éire
- cúigear
- sonas.

Cothrom Ainmfhocail:
Tugtar cothrom ainmfhocail ar fhorainm, ar aidiacht shealbhach, ar chlásal
ainmfhoclach agus ar fhrása ainmfhoclach, mar go ndéanann siad gnó ainmfhocail.

Briathar:
focal a dhéanann faisniú, is é sin, a thugann eolas faoi rud.

Formhór na mbriathra léiríonn siad gníomh:
- buaileann.

Cuid eile a léiríonn staid:
- bí
athrú staide:
- d'éirigh sé láidir
- deireadh gnímh:
- stadaim
- mothú:
- cloisim
- mian:
- teastaíonn uaim
- etc.

Briathar Faisnéiseach:
Briathar faisnéiseach a thugtar ar a leithéidí.

An Chopail:
Tugtar an Chopail ar an mbriathar

is

mar déanann sé an ceangal nó an chopail is bunúsaí ar bith idir fhocail:

- is bó í.

Briathar Cúnta:
Briathar cúnta a thugtar ar bhriathar a chuidíonn le hainm briathartha briathair
eile nó lena aidiacht bhriathartha chun comhaimsirí, etc., an bhriathair eile
sin a chumadh:

- tá sé tar éis éirí
- ná déan é a ghortú.

Gníomhú an Bhriathair:
Cibé feidhm atá ag an mbriathar (gníomh, staid, etc.) is gnách sa leabhar seo,
ar mhaithe le héascaíocht, gníomhú an bhriathair a thabhairt uirthi.

Forainm:
focal a úsáidtear thar ceann ainmfhocail:
- sé
- í
- cé
- cad.

Aidiachta Shealbhach:
Is forainm sa ghinideach an aidiacht shealbhach:
- mo
- do
- etc.

Aidiacht:
focal a cháilíonn ainmfhocal nó forainm:
- fear mór
- tá sé fuar.

Alt:
Tugtar an t-alt ar an aidiacht

an.

Cothrom Aidiachta:
Tugtar cothrom aidiachta ar chlásal aidiachtach agus ar fhrása
aidiachtach mar go ndéanann siad gnó aidiachta. Is aidiacht fhaisnéiseach aidiacht atá ag
cáiliú an ainmní mar fhaisnéis nó mar chuid den fhaisnéis:
- nach deas é
- tá sé fuar.

Aidiacht Aitreabúideach:
Is aidiacht aitreabúideach aidiacht a cháilíonn ainmfhocal go díreach:
- sin leabhar deas
- briseadh gloine eile.

Dobhriathar:
focal nó grúpa focal a cháilíonn focal eile nach ainmfhocal ná forainm:
- rith síos
- níl sé sách clúdaithe agam.

Cónasc:
focal nó grúpa focal a naisceann le chéile dhá chlásal nó a gcothrom, nó dhá
fhocal nó dhá fhrása atá ar aon fheidhm:

- éirigh agus siúil
- Peadar nó Pól
- fanacht anseo
- ach
- bheith ciúin.21

Réamhfhocal:

focal nó grúpa focal a chuirtear roimh ainmfhocal nó roimh fhorainm lena nascadh
le focal eile atá ar mhalairt feidhme:
- tá peann ag Eoin
- ní spórt go dtí é
- tháinig sé chun iad a mholadh.

Intriacht:
focal nó frása a chuireann mothú tobann i gcéill:
- ochón
- mo léan géar
- dar fia.