13.1
Na Forainmnigh
An Forainm Pearsanta
Tá trí shórt forainm pearsanta ann:
- an ceann gnách,
- an ceann neodrach ea,
- agus
- an ceann éiginnte té.
Is ar an gceann gnách amháin a thráchtar sa rannóg seo.
Seo iad na forainmneacha pearsanta:
- uatha
- 1 mé
- 2 tú, thú
- 3f sé, é
- 3b sí, í.
- iolra
- 1 sinn, muid
- 2 sibh
- 3 siad, iad.