An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.2
Úsáidtear

thú

mar chuspóir briathair:
- molaim thú,
- caillfear thú,
agus nuair is ainmní é ar lorg na faisnéise in abairt chopaileach:
- mo cheol thú
- chugam aniar thú
- cér díobh thú?

Is gnách go n-úsáidtear



sna cásanna eile:
- ar chuala tú?
- is tú an captaen
- nach tú an óinseach?
- ach tú
- gan tú
- tú a bheith i ngrá
- agus tú déanach!

Ní úsáidtear
- sé,
- sí,
- siad
- ach mar ainmní go díreach ar lorg briathair fhaisnéisigh:
- chuaigh sé (sí, siad) amach
- tá sé (sí, siad) anseo.

I ngach cás eile,
é,
í,
iad
na foirmeacha a úsáidtear sa tríú pearsa:
- rachaidh Seán agus í go Sasana
- thiocfaidís abhaile agus iad fliuch
- is capall é
- is iad an dream is fearr iad
- sin [é] é
- cé hé mé?
- déan é
- mholfaí iad
- níl agam ach é
- téigh gan í
- cinn eile seachas iad
- idir í agus an tine
- le hí a phósadh
- ceann mar é
- chun iad a mholadh,
- murab é (ach ab é) an t-ól bheadh an tsláinte go fóill aige
- bhí mé caillte murach (mura mbeadh) iad.