An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.16

An Forainmneach faoi réir ag Réamhfhocal Simplí

Úsáidtear an forainm pearsanta faoi réir ag réamhfhocal sna cásanna seo:
- ar lorg
- ach,
- gan,
- go dtí,
- mar,
- murach,
- ná,
- seachas:
- níl ann ach sibh
- tar gan í
- ní spórt go dtí é
- fir mar iad
- murach é
- b'fhearr cailíní ná sibh
- níl peann ar bith eile agam seachas é
- ar lorg

idir

i bhfrásaí dar múnla "A agus B":
- idir é agus í
- idir mé agus m'athair
- idir sinn agus an mhuintir a chuaigh romhainn
- Dia idir sinn agus an t-olc
- idir tú agus an tine
mar ghníomhaí nó mar chuspóir ag ainm briathartha:
- daoradh Brian as iad a ghoid
- chrom Síle ar é a dhéanamh
- tabharfar faoi mé a smachtú
- ciontach in í a leonadh
- le sinn a thiomáint
- roimh sibh a scaoileadh
- chun tú a phósadh
- murach iad a bheith tinn.

Ní gnách forainm ar bith a bheith faoi réir ag na réamhfhocail
- a,
- ag,
- dar,
- go,
- os.

In aon chás eile is iondúil forainm réamhfhoclach a dhéanamh de réamhfhocal +
forainm.

Sórt dobhriathair an cumasc sin go minic:
- rith Eoin eadrainn
- tá áthas orm
- bíodh ciall agat.

- Sórt aidiachta é uaireanta eile:
- thogh Seán capall liom
- is mac dóibh Gearóid.