An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.17

An Forainmneach faoi réir ag Réamhfhocal Comhshuite nó ag Ainm Briathartha

Toisc gurb ionann aidiacht shealbhach agus ginideach an fhorainm phearsanta, is
í a úsáidtear faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó ag ainm briathartha, ach is
gnách a rá gur ag cáiliú na bhfocal sin atá sí.

Roimh an ainm briathartha a thagann sí:
- bhí Oscar do mo mholadh

Tagann sí idir dhá mhír an réamhfhocail chomhshuite:
- faoi do choinne
- os ár gcomhair
- ina n-aghaidh.