13.19
An Inscne i gcás Daoine
Is é gnéas an duine agus ní hí inscne an ainmfhocail a chinneann inscne an
fhorainmnigh go hiondúil.
Is é an forainmneach firinscneach a úsáidtear le fireannaigh agus is é an
forainmneach baininscneach a úsáidtear le baineannaigh:
- sin í an cailín ag cur uirthi a cóta
- feicim scológ agus é ag tiomáint a chuid eallaigh roimhe
- amhránaí maith í (Nóra)
- comharsa mhaith é (Seán)
- is í an captaen í.
Ach is gnách an forainmneach firinscneach a úsáid ar lorg
cé,
cibé
- más fo-ainmní in abairt chopaileach é:
- cé hé an bhean sin?
- an bhfuil a fhios agat cé hé mé?" ar sise
- cibé hé í féin.
Ach téann an ghnáthriail i bhfeidhm más ainmní é:
- cé hí féin?
- cé hí Peig?
- cibé hí féin.
- más forainm réamhfhoclach é:
- cé leis (air) ar pósadh Éanna?
- cé leis a raibh Eoin ag damhsa?
- más aidiacht shealbhach idir dhá mhír an réamhfhocail chomhshuite é:
- cé lena aghaidh an gúna?
- cé ina choinne a raibh Eibhlín ag imirt? (cluiche cailíní)
- má tá an dá ghnéas i gceist
- is cuma cé a thiocfaidh, ina fhear nó ina bhean é.