13.20
An Inscne i gcás Ainmhithe agus Rudaí Neamhbheo
Más ainmhithe nó rudaí neamhbheo atá i gceist is gnách go ngéilleann inscne an
fhorainmnigh d'inscne a ainmfhocail:
- is lao baineann é
- is fuiseog fhireann í
- tá trí choileán aige (madra baineann)
- an bhfaca tú é (peann)?
- chaill mé í (scian).
Ach de réir ghnéas an ainmhí a chinntear inscne an fhorainmnigh i gcomhthéacs
ina bhfuil an gnéas go mór i gceist:
- tá searrach inti (asal).