An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.23

An forainmneach firinscneach is iondúil ar lorg na bhforainmneacha ceisteacha:
- cad,
- céard,
- cá:
- Peadar: Cad é sin? Pól: Is fuinneog í.
- Cad as a bhfaightear an bainne? As an mbó, an ea?
- Cá hair a bhfuil tú ag caint? Ar bhó, an ea?

D'fhéadfadh an cainteoir
- cad í,
- céard í, etc.

a rá dá mb'eol dó inscne an ainmfhocail a bheadh sé a iarraidh,
- e.g. i gcás múinteora ag ceistiú daltaí, nó i gcomhrá mar seo:
- Peadar: An bhfaca tú í? Pól: Céard (cad) í? Peadar: Mo scian.

An fhoirm fhirinscneach is iondúil ar lorg

cibé acu

in abairtí mar seo:
- bhí tuin ar a theanga cibé acu ina Ghaeilge nó ina Bhéarla an chaint.