An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.24

Is é an forainmneach firinscneach a úsáidtear go hiondúil in ionad clásal
ainmfhoclach nó frása ainmfhoclach, agus i gcásanna eile nach mbeadh aon chúis
ar leith ann chun an fhoirm bhaininscneach a úsáid:
- tá a fhios agam cá bhfuil sé
- tá sé furasta bheith ag caint
- an mar sin é?
- sin é (=is leor sin)
- cibé scéal é
- ina dhiaidh sin
- roimhe sin
- os a choinne sin

(an forainmneach ag tagairt d'eachtra éigin sna trí shampla dheireanacha).